#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 4
#ThinkLanguages Planning Handbook 2026
Conas a Oibríonn
#ThinkLanguages
Tá #ThinkLanguages ann do gach
dalta Idirbhliana le taitneamh a bhaint
as, cibé acu atá siad mar chuid den
fhoireann eagraithe nó díreach ag
glacadh páirte sna ceiliúrtha.
Tá an obair fhoirne fíorthábhachtach
Faigh amach tuilleadh faoi
na hacmhainní atá ar fáil
agus faigh inspioráid do
d’fhéile ar ár suíomh gréasáin,
languagesconnect.ie/
thinklanguages.
Tá #ThinkLanguages, cosúil le gach féile mhór
eile, bunaithe ar obair foirne. Táimid ag iarraidh
ar Chomhordaitheoirí na hIdirbhliana, Ceannairí
Bliana na hIdirbhliana, daltaí Idirbhliana, múinteoirí
nuatheangacha iasachta agus ar fhoireann uile na
scoile teacht le chéile chun féile teangacha agus cultúr
dá gcuid féin a eagrú le linn na seachtaine ón Luan, an
16 Samhain go dtí an Aoine, an 20 Samhain 2026.
Tá buaicphointí ó imeachtaí
#ThinkLanguages roimhe
seo, pleanálaithe le híoslódáil,
leideanna agus cleasanna,
nuacht agus nuashonruithe
faoi imeacht na bliana seo,
agus go leor eile ar fáil!
Ceap Foireann Seaimpíní Daltaí #ThinkLanguages
chomh maith le Maoirseoir Foirne (Comhordaitheoir
na hIdirbhliana nó múinteoir nuatheangacha iasachta)
chun cabhrú leis na daltaí an ócáid a eagrú.
Bígí inár ngrúpa Facebook
Táimid anseo chun tacú libh
Beidh foireann #ThinkLanguages ar fáil chun pacáistí
féile agus tacaíochtaí a chur ar fáil daoibh, ionas
go n-éireoidh go geal le bhur bhféile! Má tá aon
cheist agat le linn an phróisis phleanála, is féidir
leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann ag
thinklanguages@ppli.ie nó cuir teachtaireacht sa
ghrúpa Facebook.
Lean muid ar na meáin shóisialta:
@LanguagesConnect.ie
@languagesconnect
youtube.com/languagesconnect
2
Acmhainní Saor in Aisce
Scan an cód QR chun
inspioráid a fháil
Tá grúpa Facebook tiomnaithe do mhúinteoirí ar
fáil freisin, áit ar féidir inspioráid a fháil, smaointe
a roinnt agus ceisteanna a phlé.
Déan cuardach ar ár ngrúpa #ThinkLanguages
2026 ar Facebook chun páirt a ghlacadh sa
phobal múinteoirí atá ag pleanáil a n-imeachtaí
#ThinkLanguages féin, agus déan cuardach ar
#ThinkLanguages ar Instagram chun smaointe a
fháil ó na himeachtaí a d’eagraigh scoileanna eile.
Beidh leathanaigh Instagram
agus Facebook Languages
Connect lán d’imeachtaí
agus de nuashonruithe,
mar sin bígí cinnte sinn a
leanúint chun a fheiceáil
conas a cheiliúrann scoileanna
agus eagraíochtaí eile
#ThinkLanguages 2026.
Scan an cód QR chun
páirt a ghlacadh sa
ghrúpa Facebook