#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 5
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
Mar a Thacaíonn #ThinkLanguages
le Ráiteas Chlár na hIdirbhliana
Agus tú ag pleanáil d’fhéile #ThinkLanguages, lig dá téamaí smaointe
cruthaitheacha agus fiúntach a spreagadh. Ag teacht le Ráiteas Chlár
na hIdirbhliana de chuid an NCCA, tacaíonn #ThinkLanguages le forbairt
phearsanta na ndaltaí, le rannpháirtíocht sa phobal, le hiniúchadh
gairmeacha agus le forbairt mar fhoghlaimeoirí.
Smaoinigh ar
Eispéiris Saoil
Níos Fairsinge
Smaoinigh ar
Ghrúpa Cairde
Níos Leithne
#ThinkLanguages
#ThinkLanguages
Fás Pearsanta
Tugann foghlaim teanga nua
deiseanna agus eispéiris duit a théann i
bhfad níos faide ná cumarsáid amháin.
Cuidíonn sí le muinín a chothú, le
tuiscint níos doimhne ar chultúir a
fhorbairt, agus le cur leis an dóigh a
dtéann daltaí i ngleic leis an domhan
mórthimpeall orthu.
Rannpháirtíocht
Shibhialta agus Phobail
Cuidíonn eolas ar roinnt teangacha le
cairdeas a chothú idir daoine ó chúlraí
éagsúla, agus cothaíonn sé cuimsiú agus
tuiscint níos fearr ar chultúir éagsúla.
Cuireann sé ar chumas daoine comhráite
níos doimhne a bheith acu, meas níos fearr a
bheith acu ar thraidisiúin éagsúla, agus naisc
fhiúntacha a chruthú i bpobail ilteangacha.
Smaoinigh ar
Scileanna Saoil
a Fhorbairt
Smaoinigh ar
Dheiseanna
Oibre Domhanda
#ThinkLanguages
#ThinkLanguages
An Dalta mar Fhoghlaimeoir
Fiosrú Gairmeacha
Téann foghlaim teanga nua i bhfad
níos faide ná foclóir a fhoghlaim
de ghlanmheabhair baineann sí le
foghlaim a dhéanamh taitneamhach
agus idirghníomhach. Trí bhreathnú ar
scannáin i dteanga eile nó trí bheith
páirteach i ngrúpa comhrá, éiríonn
foghlaim teanga ina scil don saol
seachas ina tasc le cur i gcrích.
Is buntáiste luachmhar é a bheith
ilteangach i margadh fostaíochta
an lae inniu. Cuireann teanga eile
ar chumas daoine a bheith níos
solúbtha, níos iomaíche agus
níos ullmhaithechun rath a bhaint
amach i ndomhan atá ag éirí níos
domhanda i gcónaí.
Micreamodúl
Nua Idirbhliana
#ThinkLanguages!
Faigh amach faoin
Micreamhodúl nua
#ThinkLanguages don
Idirbhliain, atá deartha
chun cabhrú le scoileanna
#ThinkLanguages a
chomhtháthú ina gclár
Idirbhliana. Cuireann an
micreamhodúl seo creat
solúbtha, eispéiris foghlama
spreagúla agus acmhainní
praiticiúla ar fáil chun cabhrú
le daltaí teangacha agus cultúir
a fhiosrú ar bhealaí fiúntacha
agus iontaofa.
Ar fáil anois ar shuíomh
gréasáin Languages Connect.
3