#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 7
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
Achoimre ar Pleanáil na Féile
Céim
1
Céim
2
Céim
3
Céim
4
Céim
5
Foireann Seaimpíní a Bhunú
> Scaip an scéal agus spreag bhur ndaltaí Idirbhliana
chun páirt a ghlacadh in #ThinkLanguages
> Roghnaigh Foireann Seaimpíní de sheisear daltaí
> Tabhair róil d’Fhoireann na Seaimpíní
> Féach ar leathanaigh 6-7 le haghaidh tuilleadh eolais
Déan iniúchadh ar na hacmhainní
agus na tacaíochtaí atá ar fáil
> Déan athbhreithniú leis an bhFoireann Seaimpíní ar an réimse
tacaíochtaí atá ar fáil do Sheachtain #ThinkLanguages
> Faigh amach cad atá ar fáil ó chomhpháirtithe spreagúla na bliana seo
> Tabhair cuireadh do chainteoirí ó do scoil féin agus ón bpobal áitiúil
> Féach ar leathanaigh 8-16 le haghaidh tuilleadh eolais
Pleanáil agus cuir d’imeacht chun cinn
> Pléigh le d’fhoireann na gnéithe agus na riachtanais atá ag bhur bhféile,
lena n-áirítear ceardlanna, gníomhaíochtaí agus cainteoirí áitiúla
> Pleanáil conas a úsáidfidh sibh bhur bpacáiste imeachta #ThinkLanguages,
ina mbeidh réimse ábhar agus tacaíochtaí ar fáil do bhur bhféile
> Croch póstaeir, cuir d’ócáid chun cinn ar na meáin shóisialta, agus
tabhair cuireadh do na meáin nó don raidió áitiúil chuig d’ócáid
> Féach ar leathanach 17 le haghaidh tuilleadh eolais
Bain Taitneamh as do
Sheachtain #ThinkLanguages
> Cuir tús le ceiliúradh #ThinkLanguages lenár Searmanas Oscailte ar líne
> Cuir fáilte roimh bhur n-aíonna agus bhur gcainteoirí
> Glac grianghraif agus roinn nuashonruithe ón imeacht ar na meáin shóisialta
> Taifead bhur vlag do Chomórtas Vlaga Fhoireann na Seaimpíní
> Féach ar leathanaigh 18–19 le haghaidh tuilleadh eolais
Cuir Isteach ar ár gComórtais
> Cuir isteach ar ár gComórtas Póstaeir Aonair faoin 30 Samhain
> Cuir isteach ar Chomórtas Fhoireann na Seaimpíní trí fhoirm iontrála a líonadh isteach
agus vlaga deiridh bhur bhFoirne Seaimpíní a chur i gcrích faoin 30 Samhain
> Féach ar leathanaigh 20–23 le haghaidh tuilleadh eolais
5