LC SYTL Primary Activities Document March 2026 Irish - Flipbook - Page 2
Gníomhaíocht 1 Sailéad Sona Torthaí
Na rudaí a bheidh uait
Raon cártaí a bhfuil torthaí
orthu – pictiúir shimplí de
ghnáth-thorthaí, a léiríonn
an stór focal a mhúinfidh tú,
m.sh. pictiúir de:
Na rudaí a bheidh le déanamh agat
20–25
nóim
1. Is ‘cluiche ciorcail’ é seo, mar sin, iarr ar na daltaí na
cathaoireacha a bhogadh isteach i lár an tseomra
i gciorcal mór. Iarr orthu suí síos ansin. (Seans go
mbeidh ar na daltaí roinnt bord a bhogadh freisin.)
2. Cuir 4–5 fhocal ar thorthaí i láthair agus na cártaí
pictiúir in úsáid.
• Úll
3. Scríobh na focail ar an gclár bán chun cuidiú leis
na daltaí cuimhneamh orthu.
• Banana
4. Ansin, tabhair ainm toraidh do gach dalta sa chiorcal.
• Óráiste
5. Nuair a ghlaonn tú amach ainm toraidh sa
sprioctheanga, malartaíonn na scoláirí sin suíocháin,
m.sh., nuair a ghlaonn tú amach ‘úll’, ní mhalartaíonn
ach na daltaí a bhfuil an t-ainm sin acu.
• Sú talún
6. Bain triail as dhá thoradh a ghlaoch amach le chéile
sa sprioctheanga, mar shampla ‘oráiste agus banana’.
Má ghlaonn tú amach ‘Sailéad Torthaí’ bogann gach
duine ag an am céanna.
Focail úsáideacha
Fraincis: Pomme (úll), orange (oráiste),
banane (banana), fraise (sú talún)
Spáinnis: Manzana (úll), naranja (oráiste),
plátano (banana), fresa (sú talún)
Iodáilis: Mela (úll), arancia (oráiste), banana
(banana), fragola (sú talún)
Gearmáinis: Apfel (úll), Orange (oráiste),
Banane (banana), Erdbeere (sú talún)
Gníomhaíocht bhreise
Má tá níos mó ama agat, is féidir leat cur leis an
ngníomhaíocht seo - imir an cluiche arís, agus an
t-am seo cuir roinnt torthaí breise isteach. Is féidir
leat cártaí breise pictiúr a úsáid, nó na focail nua
a scríobh in éineacht le líníocht shimplí le cabhrú
leis na daltaí an focal a nascadh leis an toradh.