LC SYTL Primary Activities Document March 2026 Irish - Flipbook - Page 1
Cuir
Fáilte roimh
Theangacha
Paca
Gníomhaíochtaí
Ranga
Is cuma má ghlac do scoil páirt
in Cuir Fáilte Roimh Theangacha
gach bliain ó 2021, nó más í seo an
chéad bhliain di sa chlár, seo chugat
raon gníomhaíochtaí chun fiosracht,
feasacht ilteangach ilchultúrtha agus
foghlaim teanga a dhéanamh spraíúil
do dhaltaí de gach aois. Dearadh é le
bheith iontuigthe do gach duine agus
ní gá go mbeadh eolas agat ar theanga
chun na gníomhaíochtaí a dhéanamh.
Tá na gníomhaíochtaí uile ar fáil i bhFraincis, Spáinnis,
Gearmáinis agus Iodáilis, mar gurb iad sin na teangacha
is mó a roghnaítear in Cuir Fáilte Roimh Theangacha.
Ach más mian leat, cuir teangacha do chuid ranganna
agus teangacha sa phobal scoile san áireamh freisin.
Is cuireadh uainne iad na gníomhaíochtaí seo duitse a
bheith rannpháirteach sa cheiliúradh ar theangacha!
Cuimhnigh, ní gá duit smaoineamh
as an nua leat féin
Is féidir inspioráid a fháil in go leor áiteanna:
• Leathanaigh acmhainní ar líne de chuid TIBÉ/
Languages Connect: Is féidir teacht ar acmhainní
dár gcuid ag an nasc seo Languages Connect
Primary Module Resources, smaointe, cluichí ranga
atá éasca le húsáid, gníomhaíochtaí chun tógáil ar
stór focal agus ábhar is féidir a chur i gcló in Nótaí
Múinteora NTI, Eachtraí Teanga, Gníomhaíochtaí
Forbartha Stór Focal, Fíricí Fillte Cuir Fáilte Roimh
Theangacha, agus rudaí eile ina measc. Is féidir
teacht ar smaointe eile sa dá Padlet ag na naisc
a leanas Say Yes to Languages Padlet agus Say Yes
to Languages.
• Is féidir leat smaointe ó d’eispéireas féin a leasú:
amhráin shimplí, cluichí stór focal, nó dúshláin
ghrúpa a aistríonn go héifeachtach ó theanga
go teanga.
• Is féidir gnáthrudaí ón mbaile, rudaí sa seomra
ranga, nó pacáistiú bia, fiú, a úsáid mar inspioráid.
Tugann siad bealaí simplí chun focail nua a theagasc.
Le tacaíocht ó
Á chur ar fáil ag