LC SYTL Primary Activities Document March 2026 Irish - Flipbook - Page 4
Gníomhaíocht 3 Soilse Tráchta agus Ráib Datha
Na rudaí a bheidh uait
• Spás mór chun an cluiche
a imirt, m.sh., Halla spóirt nó
an clós scoile
• Cártaí móra daite (méid A4)
nó cóin ghlasa, oráiste agus
dhearga don Chorpoideachas.
• Beidh cártaí, cóin nó earraí breise
sna spriocdhathanna ag teastáil
don ghníomhaíocht bhreise
(10 nglas, 10 ndearg, 10 n-oráiste).
Na rudaí a bheidh le déanamh agat
20–25
nóim
Mínigh do na daltaí go mbeidh sibh ag obair ar
na dathanna sa sprioctheanga. Ar dtús, cuir na focail
– dearg, oráiste agus glas – i láthair sa sprioctheanga.
Bain úsáid as na cártaí nó cóin dhaite chun nasc a
dhéanamh in intinn na daltaí idir an focal agus an
dath. Iarr ar na daltaí bogadh thart ar an Halla Spóirt
nó ar an gclós, agus do chuid treoracha á leanúint:
Glas = Téigh ag bogshodar
Oráiste = Bog go mall
Dearg = Stad
1. Léirigh an cluiche i nGaeilge (nó i mBéarla)
le cinntiú go dtuigeann gach duine.
2. Ansin, tabhair gach treoir sa sprioctheanga agus
na cártaí nó coin dhaite in úsáid le cuidiú leis na daltaí
iad a thuiscint
3. Nuair a thuigeann na daltaí na focail, tabhair
na treoracha sa sprioctheanga amháin.
Gníomhaíocht bhreise
Cuir leis an ngníomhaíocht, más mian leat, trí na
teangacha eile a labhraítear sa rang nó teangacha
a foghlaimíodh le linn an chláir a chur san áireamh.
Is féidir leat iarraidh ar na daltaí iad a mhúineadh
duit mura bhfuil siad agat.
Má tá níos mó ama agat, leathnaigh an
ghníomhaíocht trí rás ildate sealaíochta a chur
san áireamh. Beidh an líon céanna cártaí, cón,
nó nithe eile de dhíth (deich gcinn ar a laghad de
gach ceann ionas go mbeidh seal ag gach dalta).
Scaip na nithe ar fud an spáis.
1. Roinn an rang ina thrí fhoireann:
Dearg, oráiste agus glas
2. Déan líne de na trí fhoireann ag ceann
amháin den spás.
3. Mínigh go mbeidh ar gach imreoir, nuair
atá a sealsa ann, rith chun rud amháin i ndath
na foirne sin a aimsiú agus a thabhairt ar ais.
Focail úsáideacha
4. A luaithe a thagann an duine sin ar ais,
tosaíonn an chéad duine eile.
Fraincis: Vert (glas), orange (oráiste), rouge (dearg)
5. Bíonn an bua ag an gcéad fhoireann a
thugann ar ais gach ní daite.
Spáinnis: Verde (glas), naranja (oráiste), rojo (dearg)
Iodáilis: Verde (glas), arancione (oráiste), rosso (dearg)
Gearmáinis: Grün (glas), Orange (oráiste), Rot (dearg)
Chun an stór focal a threisiú, glaoigh amach
na dathanna sa sprioctheanga i rith an rása
(m.sh. rouge, vert, orange i bhFraincis).